European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1163

26.4.2024

TREOIRLÍNE (AE) 2024/1163 ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH

an 8 Feabhra 2024

lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2015/510 maidir le cur chun feidhme chreat bheartas airgeadaíochta an Eurochórais (BCE/2014/60) (BCE/2024/4)

Tá Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 127(2) de,

Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 3.1, Airteagail 9.2, 12.1, 14.3 agus 18.2 agus an chéad mhír d’Airteagal 20 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun beartas airgeadaíochta aonair a bhaint amach, ní mór na huirlisí, na hionstraimí agus na nósanna imeachta a bheidh le húsáid ag an Eurochóras a shainiú chun beartas den sórt sin a chur chun feidhme ar bhealach aonfhoirmeach ar fud na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(2)

Ba cheart Treoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/60) (1) a leasú chun coigeartuithe teicniúla agus eagarthóireachta riachtanacha a bhaineann le gnéithe áirithe de na hoibríochtaí beartais airgeadaíochta a ionchorprú.

(3)

Rinneadh Treoirlíne BCE/2012/27 ón mBanc Ceannais Eorpach (2), lenar rialaíodh an Córas Mearaistrithe Tras-Eorpach Uathoibrithe le haghaidh Ollsocraíocht Fíor-ama (TARGET2), a aisghairm le Treoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/8) (3), lena leagtar amach an ghlúin nua de Mhearaistriú Tras-Eorpach Uathoibrithe le haghaidh Ollsocraíocht Fíor-ama (TARGET). Ní mór na hathruithe a tugadh isteach le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) a léiriú i dTreoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60).

(4)

Ba cheart fógraí, leithroinnt agus dátaí socraíochta na bpríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin agus na n-oibríochtaí athmhaoiniúcháin rialta níos fadtéarmaí a ailíniú chun malartú idir an dá chineál oibríochta a éascú. Ina theannta sin, ba cheart tráthchlár na n-oibríochtaí athmhaoiniúcháin rialta níos fadtéarmaí a choigeartú chun forluí idir an dá chineál oibríochta a sheachaint. Ina theannta sin, ba cheart na rialacha maidir le slánú úis le haghaidh oibríochtaí athmhaoiniúcháin rialta níos fadtéarmaí a shoiléiriú chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú.

(5)

Maidir le gnéithe áirithe d’eisiúint dheimhnithe fiachais an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE), is gá soiléiriú breise a dhéanamh orthu maidir le céannacht a n-eisitheoir dhlíthiúil agus maidir le foirm a n-eisiúna agus a sealbhaithe.

(6)

Tá gá le soiléiriú breise maidir le láimhseáil tagarmharcanna rátaí úis i gcomhthéacs incháilitheacht comhthaobhachta chun críocha oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na tagarmharcanna ráta úis sin a riartar ón Ríocht Aontaithe (RA). Ba cheart riarthóirí tagarmharcanna na Ríochta Aontaithe, amhail riarthóirí tagarmharcanna eile atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, a mheas mar riarthóirí tagarmharcanna tríú tír agus níor cheart d’eintitis faoi mhaoirseacht an Aontais tagarmharcanna arna soláthar ag riarthóirí tríú tír a úsáid ach amháin má tá siad údaraithe lena n-úsáid san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(7)

Tá gá le soiléirithe maidir le hincháilitheacht, mar chomhthaobhach, bannaí atá nasctha leis an inbhuanaitheacht agus lena ngabhann cearta um chealú uaschéimniúcháin cúpóin.

(8)

Is gá rialacha incháilitheachta comhthaobhachta an Eurochórais is infheidhme maidir le sócmhainní ráthaithe a chomhchuibhiú trí na cásanna ina bhfuil feidhm ag na ceanglais incháilitheachta ábhartha a shonrú tuilleadh. Ba cheart infheidhmeacht na gceanglas sin a bheith ag brath ar cibé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear ráthaíocht chun a shuí go gcomhlíonann an tsócmhainn ceanglais cáilíochta creidmheasa an Eurochórais.

(9)

Is gá soiléireacht níos fearr a thabhairt i gcreat measúnaithe creidmheasa an Eurochórais (ECAF) maidir le tuairisciú na gcontrapháirtithe ar dhóchúlacht mainneachtana atá bunaithe ar an úsáid a bhaineann siad as na cuir chuige atá bunaithe ar rátálacha inmheánacha (IRB), agus soláthar teimpléad atá le líonadh ag gníomhaireacht rátála creidmheasa (CRA) a bhfuil iarratas á dhéanamh aici le go nglacfar léi mar institiúid um measúnú creidmheasa sheachtrach (IMCS).

(10)

Mar chuid de na bearta éascaithe comhthaobhachta a ghlac sí mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 chun éascaíocht a dhéanamh do chontrapháirtithe an Eurochórais comhthaobhacht incháilithe leordhóthanach a chothabháil chun go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh i ngach oibríocht soláthair leachtachta, chinn an Chomhairle Rialaithe an 7 Aibreán 2020 gur cheart go gcomhlíonfadh éilimh chreidmheasa tairseach íosta EUR 0, tráth a dtíolactha mar chomhthaobhacht ag an gcontrapháirtí, an 7 Aibreán 2020, tráth a dtíolactar éilimh chreidmheasa mar chomhthaobhacht, nó aon mhéid níos airde a d’fhéadfadh banc ceannais náisiúnta Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra aige (dá ngairtear ‘BCN’ anseo feasta) a ghlacadh mar chomhthaobhacht. I bhfianaise deireadh a chur de réir a chéile leis na bearta éascaithe comhthaobhachta sin, chinn an Chomhairle Rialaithe an 30 Samhain 2023 an tairseach íosmhéide EUR 25 000 a athbhunú ar cheart éilimh chreidmheasa a slógadh ar bhonn aonair a chomhlíonadh chun bheith inghlactha mar chomhthaobhacht le haghaidh úsáid intíre faoi Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60). Agus a cinneadh á dhéanamh aici, chuir an Chomhairle Rialaithe na nithe seo a leanas san áireamh: an gá atá le comhchuibhiú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as éilimh chreidmheasa mar chomhthaobhacht d’oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais, an céatadán íseal de mhéid iomlán na comhthaobhachta arna slógadh ag contrapháirtithe an Eurochórais a léiríonn éilimh chreidmheasa faoi bhun na tairsí sin, agus an gá atá le feabhas a chur ar éifeachtúlacht oibríochtúil agus costas na nósanna imeachta maidir le slógadh agus láimhseáil nósanna imeachta chun éilimh chreidmheasa a ghlacadh mar chomhthaobhacht.

(11)

Chun feabhas a chur ar chosaint an Eurochórais ar rioscaí a bhaineann le glacadh le héilimh chreidmheasa mar chomhthaobhacht, má fhionntar nach leor a thuilleadh na nósanna imeachta agus na córais a úsáideann contrapháirtí chun faisnéis ar éilimh chreidmheasa a chur faoi bhráid an Eurochórais, ba cheart go mbeadh cead ag an BCN lena mbaineann na bearta a mheasann sé a bheith riachtanach a ghlacadh. Ba cheart go n-áireofaí ar na bearta sin slógadh éileamh creidmheasa ag an gcontrapháirtí sin a chur ar fionraí go páirteach nó go hiomlán go dtí go mbeidh fíorú nua déanta ag an BCN lena mbaineann ar oiriúnacht na nósanna imeachta agus na gcóras a úsáideann an contrapháirtí chun an fhaisnéis maidir le héilimh chreidmheasa a chur faoi bhráid an Eurochórais.

(12)

I gcomhréir leis an gcinneadh ón gComhairle Rialaithe an 22 Meitheamh 2022, tá prionsabal ardleibhéil i dtaobh riosca maidir leis an athrú aeráide a nochtadh i measúnuithe creidmheasa IMCSanna le tabhairt isteach in ECAF.

(13)

Is gá coigeartuithe a dhéanamh ar chreat contrapháirtithe an Eurochórais chun rochtain a fháil ar oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais chun soiléiriú breise a thabhairt ar láimhseáil contrapháirtithe nach gcomhlíonann na ceanglais cistí dílse a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ar láimhseáil contrapháirtithe atá ag sárú cheanglas an chaipitil tosaigh a leagtar síos in Airteagal 93 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus sa reachtaíocht náisiúnta ábhartha, agus ar láimhseáil contrapháirtithe agus sócmhainní incháilithe arna n-eisiúint ag eintitis atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais Eorpaigh.

(14)

Is gá na teagmhais mhainneachtana laistigh den Eurochóras a chomhchuibhiú, d’fhonn trédhearcacht agus comhsheasmhacht a áirithiú freisin, agus chun cothrom iomaíochta a fheabhsú do chontrapháirtithe an Eurochórais le haghaidh oibríochtaí beartais airgeadaíochta.

(15)

Leasaíodh Rialachán (AE) 2021/378 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2021/1) (6) a mhéid a bhaineann le sealúchais cúlchistí íosta a íoc. Dá bhrí sin, ní mór na hathruithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2023/1679 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2023/21) (7) a léiriú sna forálacha a bhaineann le cúlchistí íosta i dTreoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60).

(16)

Dá bhrí sin, ba cheart Treoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIRLÍNE SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Treoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) mar a leanas:

(1)

cuirtear tagairtí do ‘TARGET’ in ionad tagairtí do ‘TARGET2’ sa mhéid seo a leanas: Airteagal 2, pointí (6) agus (26), Airteagal 19(1) agus (2), Airteagal 22(1), Airteagal 51(1) agus (3), Airteagal 53(2), Airteagal 61(1), Airteagal 177(2), pointe (d), Airteagal 186(2), pointe (b), ceannteideal Chuid a Seacht A, teideal Airteagal 187a, foclaíocht réamhráiteach Airteagal 187a(1), Airteagal 187a(4), teideal Airteagal 187b, an chéad abairt, teideal Airteagal 187c, Airteagal 187c, an chéad abairt, Airteagal 187c, pointe (b), teideal Airteagal 187d, agus Airteagal 187d;

(2)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (24-a):

‘(24-a)

ciallaíonn “creidmheas ECONS” creidmheas a sholáthraítear laistigh de phróiseáil theagmhasach dá dtagraítear i bpointe 2.3 agus i bpointe 3.2 d’Fhoscríbhinn IV a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/8 (*1);

(*1)  Treoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Feabhra 2022 maidir le hUathchóras Nua Giniúna Mearaistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET) agus lena n-aisghairtear Treoirlíne BCE/2012/27 (BCE/2022/8) (IO L 163, 17.6.2022, lch. 84).’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (46):

‘(46)

ciallaíonn “creidmheas ionlae” creidmheas ionlae mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (35), de Threoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8), i dteannta phointe (35) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoirlíne sin;’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (91):

‘(91)

ciallaíonn “TARGET” an Córas Mearaistrithe Tras-Eorpach Uathoibrithe le haghaidh Ollsocraíocht Fíor-ama, a rialaítear faoi Threoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8);’;

(d)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas (91a):

‘(91a)

ciallaíonn “cuntas TARGET” cuntas TARGET mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (59), de Threoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8), i dteannta phointe (59) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoirlíne sin;’;

(3)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Déantar LTROnna a fhorghníomhú trí bhíthin nósanna imeachta tairisceana ar ráta athraitheach, mura gcinnfidh an Eurochóras iad a fhorghníomhú trí nós imeachta tairisceana ar ráta seasta. I gcás den sórt sin, féadfar an ráta is infheidhme maidir le nósanna imeachta tairisceana ar ráta seasta a innéacsú de réir ráta tagartha bunúsach (e.g. meánráta MRO) in imeacht shaolré na hoibríochta, maille le raon difríochta nó dá uireasa. Nuair a ríomhtar an ráta úis is infheidhme mar mheán de ráta tagartha foluiteach in imeacht shaolré na hoibríochta, ríomhfar é tríd an meán a shlánú go dtí an t-ochtú deachúil ar a laghad.’

;

(4)

in Airteagal 8(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

forghníomhaíonn na BCNanna iad ar bhealach díláraithe;’;

(5)

in Airteagal 10(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

forghníomhaíonn na BCNanna iad ar bhealach díláraithe.’;

(6)

in Airteagal 11(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

forghníomhaíonn na BCNanna iad ar bhealach díláraithe.’;

(7)

Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Coimeádfar taiscí ar théarma seasta i gcuntais leis an BCN baile.’

;

(b)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

forghníomhaíonn na BCNanna é ar bhealach díláraithe.’;

(8)

Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Eiseofar deimhnithe fiachais BCE i bhfoirm cuntais reatha i dtaisclann urrús i mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige. Sealbhófar i bhfoirm cuntais leabhair iad.’

;

(b)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

tairgeann na BCNanna ar bhealach díláraithe iad.’;

(9)

Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Féadfaidh contrapháirtithe rochtain a fháil ar an tsaoráid iasachta imeallach tar éis dóibh iarraidh a dhéanamh ar a BCN baile faoi 18:15 Am Lár na hEorpa (CET) (*2) ar a dhéanaí, an scoitham chun saoráidí seasmhacha a úsáid, de bhun Fhoscríbhinn V a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8). An lá gnó deiridh de chuid an Eurochórais a bhaineann le tréimhse cothabhála cúlchistí íosta, beidh an sprioc-am chun rochtain a iarraidh ar an tsaoráid iasachta imeallach ann 15 nóiméad níos déanaí. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Eurochóras spriocdhátaí níos déanaí a chur i bhfeidhm. San iarraidh ar rochtain ar an tsaoráid iasachta imeallach sonrófar an méid creidmheasa a theastaíonn. Seachadfaidh an contrapháirtí sócmhainní incháilithe leordhóthanacha mar chomhthaobhacht don idirbheart, mura ndearna an contrapháirtí na sócmhainní sin a thaisceadh leis an BCN baile cheana féin de bhun Airteagal 18 (4).

(*2)  Cuirtear san áireamh in CET an t-athrú go hAm Samhraidh Lár na hEorpa.’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte i mír 6:

‘Más rud é, ag deireadh lae gnó, gur iarmhéid diúltach é an t-iarmhéid iomlán ar chuntais TARGET contrapháirtí lena BCN baile tar éis na nósanna imeachta rialaithe deireadh lae a thabhairt chun críche, measfar go huathoibríoch gur iarraidh ar úsáid a bhaint as an tsaoráid iasachta imeallach (‘iarraidh uathoibríoch’) é an t-iarmhéid diúltach sin.’;

(10)

in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Is aibíocht thar oíche a bheidh in aibíocht an chreidmheasa arna fadú faoin tsaoráid iasachta imeallach. Aisiocfar an creidmheas an chéad lá eile a mbeidh: (a) TARGET; agus (b) na SSSanna ábhartha ag feidhmiú, an tráth a n-osclófar na córais sin.’

;

(11)

Leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Féadfaidh contrapháirtithe rochtain a fháil ar an tsaoráid taisce tar éis dóibh iarraidh a dhéanamh ar a BCN baile faoi 18:15 Am Lár na hEorpa (CET) (*3) ar a dhéanaí, an scoitham chun saoráidí seasmhacha a úsáid, de bhun Fhoscríbhinn V a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8). An lá gnó deireanach de chuid an Eurochórais a bhaineann le híostréimhse cothabhála cúlchistí, tarlóidh an spriocdháta chun rochtain a iarraidh ar an tsaoráid taisce 15 nóiméad níos déanaí. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Eurochóras spriocdhátaí níos déanaí a chur i bhfeidhm. San iarraidh ar rochtain ar an tsaoráid taisce sonrófar an méid atá le taisce.

(*3)  Cuirtear san áireamh in CET an t-athrú go hAm Samhraidh Lár na hEorpa.’;"

(b)

scriostar mír 3;

(12)

in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Is aibíocht thar oíche a bheidh in aibíocht na dtaiscí faoin tsaoráid taisce. Taiscí a choinnítear faoin tsaoráid taisce, tiocfaidh siad in aibíocht an chéad lá eile a mbeidh TARGET ag feidhmiú, an tráth a n-osclófar an córas seo.’

;

(13)

Leasaítear Airteagal 25(2) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

‘Tá gnéithe oibríochta na nósanna imeachta tairisceana caighdeánacha agus gasta comhionann, ach amháin an tráthchlár agus raon na gcontrapháirtithe.’;

(b)

scriostar Tábla 5;

(c)

Cuirtear isteach an Tábla 5a seo a leanas:

‘Tábla 5a

Tráthchlár táscach do na nósanna imeachta tairisceana caighdeánacha agus gasta (luaitear na hamanna in Am Lár na hEorpa (*4))

 

Nósanna imeachta caighdeánacha tairisceana

Nósanna imeachta tairisceana gasta

 

MRO

LTRO Rialta

Fógra faoin tairiscint

T-1

15:40

T-1

15:55

T

hh:mm

Spriocdháta do chontrapháirtithe chun tairiscintí a thíolacadh

T

09:30

T

10:00

+

00:30

Fógairt faoi thorthaí na tairisceana

T

11:30

T

12:00

+

01:35

Socraíocht idirbheart

T+1

T+1

T

(d)

scriostar Tábla 6;

(14)

in Airteagal 28(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 7:

‘Tábla 7

Gnáthlaethanta trádála do MROnna agus LTROnna rialta

Catagóirí d’oibríochtaí margaidh oscailte

Gnáthlá trádála (T)

MROnna

Gach Máirt (*5)

LTROnna rialta

An Mháirt dheireanach de gach mí féilire (*6)

(15)

in Airteagal 49, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Socrófar orduithe íocaíochta a bhaineann le rannpháirtíocht in oibríochtaí margaidh oscailte nó úsáid na saoráidí seasmhacha ar chuntais na gcontrapháirtithe le BCN nó ar chuntais institiúide creidmheasa eile atá rannpháirteach in TARGET.’

;

(16)

in Airteagal 58, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   D’fhonn a bheith rannpháirteach in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais, soláthróidh contrapháirtithe don Eurochóras sócmhainní atá incháilithe mar chomhthaobhacht d’oibríochtaí den sórt sin. Ós rud é go n-áirítear in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais creidmheas ionlae, comhlíonfaidh comhthaobhacht a sholáthraíonn contrapháirtithe i leith creidmheas ionlae na critéir incháilitheachta a leagtar síos sa Treoirlíne seo, mar a leagtar amach i dTreoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8).’

;

(17)

Leasaítear Airteagal 63 mar a leanas:

(a)

i mír 1, pointe (b)(i), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:

‘—

ráta margaidh airgid euro a gceadaítear é a úsáid san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7), e.g. an ráta gearrthéarmach euro (€STR) (lena n-áirítear €STR laethúil iolraithe nó meánaithe), Euribor, nó innéacsanna comhchosúla; maidir leis an gcéad chúpón nó/agus maidir leis an gcúpón deireanach, is féidir leis an ráta tagartha a bheith ina idirshuíomh líneach idir dhá éirim den ráta céanna margaidh airgid euro e.g. idirshuíomh líneach idir dhá éirim éagsúla de chuid Euribor,

(*7)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).’;"

(b)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

cúpóin ilchéime nó chomhlúthacha lena ngabhann céimeanna atá nasctha le SPTanna, ar choinníoll:

(i)

go bhfuil comhlíontacht SPTanna ag an eisitheoir, nó ag aon ghnóthas a bhaineann leis an ngrúpa eisitheoirí bannaí céanna atá nasctha le hinbhuanaitheacht, faoi réir fíorú ag tríú páirtí neamhspleách i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha na hionstraime fiachais; agus

(ii)

nach ndearna an t-eisitheoir an teagmhas uaschéimnithe agus/nó an íocaíocht uaschéimnithe a bhaineann leis a chur ar ceal ná a dhífheidhmiú nó ar bhealach eile.’;

(c)

cuirtear an mhír 5 seo a leanas leis:

‘5.   De mhaolú ar mhír 4, ní dhéanfar an struchtúr cúpóin neamh-incháilithe i gcás cúpóin ilchéime nó chomhlúthacha ina bhfuil céimeanna atá nasctha le SPTanna toisc gur ann do cheart an eisitheora an teagmhas uaschéimnithe agus/nó an íocaíocht uaschéimnithe a bhaineann leis a chur ar ceal nó a dhífheidhmiú.’

;

(18)

In Airteagal 69, cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:

‘1a.   Ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar amach sa chéad abairt de mhír 1 maidir le ráthóir ionstraime fiachais i gcás nach n-úsáidtear an ráthaíocht chun a shuí an gcomhlíonann an ionstraim fiachais sin na ceanglais cáilíochta creidmheasa le haghaidh sócmhainní indíolta.’

;

(19)

In Airteagal 70, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Chun bheith incháilithe, bunófar ráthóirí ionstraimí fiachais in LEE, mura n-úsáidtear ráthaíocht chun a shuí an gcomhlíontar leis an ionstraim fiachais sin na ceanglais cáilíochta creidmheasa le haghaidh ionstraimí fiachais sonracha, faoi réir na n-eisceachtaí a leagtar síos i míreanna 3 agus 4. Leagtar síos in Airteagal 84 an fhéidearthacht rátáil ráthóra IMCS a úsáid chun a shuí an gcomhlíontar na ceanglais ábhartha cáilíochta creidmheasa le haghaidh ionstraimí fiachais sonracha.’

;

(20)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Chuid a Ceathair, Teideal II, Caibidil 1, Roinn 2, Foroinn 3:

‘Critéir incháilitheachta shonracha le haghaidh deimhnithe fiachais arna n-eisiúint ag BCE nó ag BCNanna roimh an dáta a nglacfar an euro ina mBallstát faoi seach’;

(21)

Leasaítear Airteagal 81 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Critéir incháilitheachta do dheimhnithe fiachais arna n-eisiúint ag BCE nó ag BCNanna roimh an dáta a nglacfar an euro ina mBallstát faoi seach’ ;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Deimhnithe fiachais arna n-eisiúint ag BCE agus deimhnithe fiachais arna n-eisiúint ag na BCNanna roimh dháta glactha an euro ina mBallstát faoi seach a bhfuil an euro mar airgeadra aige, ní bheidh siad faoi réir na gcritéar a leagtar síos i dTeideal II de Chuid a Ceathair seo.’

;

(22)

in Airteagal 90, pointe (b)(iii), an chéad fhleasc, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhofhleisce:

‘—

ráta margaidh airgid euro a gceadaítear é a úsáid san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1011, e.g. €STR (lena n-áirítear €STR laethúil iolraithe nó meánaithe), Euribor, nó innéacsanna comhchosúla;’;

(23)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 93:

‘Airteagal 93

Íosmhéid na n-éileamh creidmheasa

Le haghaidh úsáide intíre, comhlíonfaidh éilimh chreidmheasa, tráth a dtíolactha mar chomhthaobhacht ag an gcontrapháirtí, tairseach íosmhéide EUR 25 000, nó aon mhéid níos airde a d’fhéadfadh an BCN baile a leagan síos. Maidir le húsáid trasteorann, beidh feidhm ag tairseach íosmhéide EUR 500 000.’

;

(24)

in Airteagal 95, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Beidh na féichiúnaithe agus ráthóirí de chuid éileamh creidmheasa incháilithe ina gcorparáidí neamhairgeadais, ina n-eintitis san earnáil phoiblí (seachas corparáidí airgeadais poiblí), ina mbainc forbartha iltaobhacha nó ina n-eagraíochtaí idirnáisiúnta. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le ráthóir éilimh creidmheasa i gcás nach n-úsáidtear an ráthaíocht chun a shuí an gcomhlíontar leis an éileamh creidmheasa sin na ceanglais cáilíochta creidmheasa le haghaidh sócmhainní neamh-indíolta.’

;

(25)

in Airteagal 96, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Bunófar an ráthóir i leith éileamh creidmheasa freisin i mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige, mura rud é nach n-úsáidtear ráthaíocht chun a shuí an gcomhlíontar leis an éileamh creidmheasa sin na ceanglais cáilíochta creidmheasa le haghaidh sócmhainní neamh-indíolta.’

;

(26)

in Airteagal 97, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír phointe (d):

‘(d)

ráthóir (i gcás inarb ann do ráthaíocht agus ina n-úsáidtear an ráthaíocht chun a shuí an gcomhlíontar leis an éileamh creidmheasa na ceanglais cáilíochta creidmheasa le haghaidh sócmhainní neamh-indíolta agus sa chás sin amháin).’;

(27)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 100:

‘Airteagal 100

Fíoruithe ar na nósanna imeachta agus ar na córais a úsáidtear chun éilimh chreidmheasa a thíolacadh

1.   Déanfaidh BCNanna, nó maoirseoirí nó iniúchóirí seachtracha, fíorú ar oiriúnacht na nósanna imeachta agus na gcóras a úsáideann an contrapháirtí chun an fhaisnéis maidir le héilimh chreidmheasa a thíolacadh don Eurochóras sula ndéanfaidh an contrapháirtí na héilimh chreidmheasa a shlógadh den chéad uair. Déanfar na nósanna imeachta agus na córais a fhíorú uair amháin gach cúig bliana ar a laghad ina dhiaidh sin. I gcás athruithe suntasacha ar nósanna imeachta nó córais den sórt sin, féadfar fíorú nua a dhéanamh.

2.   Má fhaigheann BCNanna, nó maoirseoirí nó iniúchóirí seachtracha amach nach bhfuil na nósanna imeachta agus na córais a úsáideann an contrapháirtí leordhóthanach a thuilleadh chun an fhaisnéis maidir le héilimh chreidmheasa a thíolacadh don Eurochóras, déanfaidh an BCN atá i mbun an fhíoraithe na bearta a mheasann sé a bheith riachtanach, agus d’fhéadfaí a áireamh ar na bearta sin slógadh éileamh creidmheasa ag an gcontrapháirtí a chur ar fionraí go páirteach nó go hiomlán go dtí go ndéanfar fíorú nua ar oiriúnacht na nósanna imeachta agus na gcóras a úsáideann an contrapháirtí chun an fhaisnéis maidir le héilimh chreidmheasa a thíolacadh don Eurochóras.’

;

(28)

Leasaítear Airteagal 104 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Beidh éilimh chreidmheasa inaistrithe go hiomlán agus beifear in ann iad a shlógadh gan srian chun leasa an Eurochórais. An comhaontú éilimh creidmheasa, socruithe conarthacha eile idir an contrapháirtí agus an féichiúnaí nó, i gcás inarb ann do ráthaíocht maidir leis an éileamh creidmheasa sin, an ráthaíocht, ní bheidh ar áireamh iontu forálacha sriantacha ar bith maidir le slógadh mar chomhthaobhacht, mura bhforáiltear le reachtaíocht náisiúnta nach féidir leis na srianta conarthacha sin tionchar a imirt ar inaistritheacht agus ar shlógadh an éilimh creidmheasa nó go bhfuil siad gan dochar do chearta an Eurochórais maidir le comhthaobhacht a shlógadh.

2.   Beifear in ann éilimh chreidmheasa a réadú gan srian ar mhaithe leis an Eurochóras. An comhaontú éilimh creidmheasa, socruithe conarthacha eile idir an contrapháirtí agus an féichiúnaí, nó, i gcás inarb ann do ráthaíocht maidir leis an éileamh creidmheasa sin, an ráthaíocht, ní bheidh ar áireamh iontu forálacha sriantacha ar bith maidir le réadú an éilimh creidmheasa a úsáidtear mar chomhthaobhacht le haghaidh oibríochtaí creidmheasa de chuid an Eurochórais, lena n-áirítear aon fhoirm, aon am nó aon cheanglas eile maidir le réadú.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3a:

‘3a.   Úsáidfidh BCNanna sásra chun a áirithiú go ndearnadh riosca fritháirimh a eisiamh nó a mhaolú go suntasach nuair a ghlacann siad le héilimh chreidmheasa mar chomhthaobhacht.’

;

(29)

in Airteagal 107a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.   Is é dlí na dlínse ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe ná an dlí rialúcháin is infheidhme maidir leis an DECC, le tionscnóir, le féichiúnaithe agus, i gcás inarb ábhartha, le ráthóirí na n-éileamh creidmheasa bunúsach, leis na comhaontuithe foluiteacha éilimh creidmheasa agus le haon chomhaontuithe lena n-áirithítear aistriú díreach nó indíreach na n-éileamh creidmheasa foluiteach ón tionscnóir chuig an eisitheoir. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin ach amháin maidir le ráthóirí na n-éileamh foluiteach creidmheasa i gcás ina n-úsáidtear ráthaíocht chun a shuí an gcomhlíontar leis an éileamh creidmheasa na ceanglais cáilíochta creidmheasa.’

;

(30)

in Airteagal 113, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Ráthaíochtaí arna soláthar ag ráthóirí a úsáidtear chun a shuí an gcomhlíontar ceanglais cáilíochta creidmheasa an Eurochórais, comhlíonfar leo an Teideal seo.’

;

(31)

Leasaítear Airteagal 118(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

i gcás sócmhainní indíolta i gcomhréir le hAirteagal 70, in LEE, mura rud é nach n-úsáidtear ráthaíocht chun a shuí an gcomhlíontar leis an tsócmhainn indíolta sin na ceanglais cáilíochta creidmheasa le haghaidh ionstraim fiachais shonrach. Tugtar aghaidh in Airteagal 84 ar an bhféidearthacht úsáid a bhaint as rátáil ráthóra IMCS chun na ceanglais ábhartha cáilíochta creidmheasa a bhunú le haghaidh sócmhainní indíolta;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

i gcás éileamh creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 96, i mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige, mura rud é nach n-úsáidtear ráthaíocht chun a shuí an gcomhlíontar leis an éileamh creidmheasa sin na ceanglais cáilíochta creidmheasa le haghaidh sócmhainní neamh-indíolta. Tugtar aghaidh in Airteagal 108 ar an rogha atá ann úsáid a bhaint as measúnú creidmheasa i leith ráthóra chun a shuí an gcomhlíontar leis an éileamh creidmheasa sin na ceanglais ábhartha cáilíochta creidmheasa le haghaidh éilimh chreidmheasa.’;

(32)

in Airteagal 120, cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:

‘4.   Beidh IMCSanna trédhearcach i ndáil le riosca um an athrú aeráide a ionchorprú ina gcuid modheolaíochtaí agus rátálacha, i gcás inar féidir leis an riosca sin um an athrú aeráide a bheith ina fhoinse riosca creidmheasa. Cuirfidh siad nuashonruithe rialta ar fáil do BCE maidir lena gcuid gníomhaíochtaí sa réimse sin.’

;

(33)

Leasaítear Airteagal 122 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Chun ceadú ó ECAF ar chóras IRB a fháil, comhdóidh contrapháirtí iarraidh leis an BCN baile. Ní fhéadfar córas IRB a cheadú in ECAF ach amháin má tá an t-údarás inniúil tar éis contrapháirtí a údarú chun é a úsáid chun críocha ceanglas caipitil. I gcás ina bhfuil córas IRB údaraithe amhlaidh, ach go ndéantar an t-údarú sin a tharraingt siar ina dhiaidh sin, tarraingítear siar an ceadú ó ECAF an tráth céanna.’

;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

faisnéis faoina chur chuige maidir le dóchúlachtaí mainneachtana a shannadh d’fhéichiúnaithe, chomh maith le sonraí ar na gráid rátála agus ar dhóchúlachtaí mainneachtana aon bhliana gaolmhara a úsáidtear chun gráid rátála incháilithe a chinneadh. Is é an dóchúlacht mainneachtana, dá dtagraítear in Airteagal 59(3), arna tuairisciú ag córas IRB an chontrapháirtí, an dóchúlacht mainneachtana “chríochnaitheach” a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse a ríomh, lena n-áirítear aon íosrátaí rialála maoirseachta, forlíontáin, coigeartuithe iomchuí, corrlach coimeádachais, sáruithe agus mapáil chuig máistir-scálaí;’;

(34)

in Airteagal 123(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

fógraí don BCN baile maidir le fíorais nó imthosca a d’fhéadfadh tionchar ábhartha a imirt ar úsáid leanúnach an chórais IRB chun críocha ECAF nó ar an mbealach a mbunaítear comhthaobhacht incháilithe mar thoradh ar an gcóras IRB, lena n-áirítear go háirithe athruithe ábhartha ar chóras IRB contrapháirtí lena bhfeadfaí tionchar a imirt ar an mbealach a gcomhfhreagraíonn gráid rátála nó dóchúlachtaí mainneachtana an chórais IRB do scála rátála comhchuibhithe an Eurochórais. Áireofar orthu sin, ach níl siad teoranta dóibh, aon athruithe lena ndéantar difear do dhóchúlachtaí mainneachtana, dá dtagraítear in Airteagal 122(3), pointe (d), arna n-úsáid ag an gcóras IRB chun ceanglais cistí dílse a ríomh.’;

(35)

Leasaítear Airteagal 144a(2) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

cuntas TARGET aon chontrapháirtí, dá bhforáiltear in Airteagal 27(6) de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8); nó’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

le húdarú roimh ré, aon chuntas TARGET de chuid institiúide creidmheasa eile atá ainmnithe ag an gcontrapháirtí.’;

(c)

scriostar pointe (c);

(36)

in Airteagal 154(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

maidir le nósanna imeachta deireadh lae agus coinníollacha rochtana deireadh lae i ndáil leis an tsaoráid iasachta imeallach, i gcásanna ina bhfuil aon iarmhéid diúltach fágtha ar chuntais TARGET contrapháirtí tar éis bailchríoch a chur ar na nósanna imeachta rialaithe deireadh lae agus go meastar, dá bhrí sin, go dtagann iarraidh uathoibríoch chun cinn go mbainfí úsáid as an tsaoráid iasachta imeallach, mar a leagtar síos in Airteagal 19(6), an oibleagáid sócmhainní incháilithe leordhóthanacha a thíolacadh roimh ré mar chomhthaobhacht nó, i gcás contrapháirtí ar teorannaíodh a rochtain ar oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais de bhun Airteagal 158, an oibleagáid an úsáid a bhaineann sé as oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais a choinneáil laistigh den teorainn shainithe;’;

(37)

Leasaítear Airteagal 158 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Contrapháirtithe atá faoi réir maoirseacht dá dtagraítear in Airteagal 55, pointe (b)(i), ach nach gcomhlíonann na ceanglais cistí dílse a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar bhonn aonair agus/nó comhdhlúite, i gcomhréir leis na ceanglais mhaoirseachta, agus contrapháirtithe atá faoi réir maoirseacht ar chaighdeán inchomparáide dá dtagraítear in Airteagal 55, pointe (b)(iii), ach nach gcomhlíonann ceanglais atá inchomparáide leis na ceanglais cistí dílse a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar bhonn aonair agus/nó ar bhonn comhdhlúite, teorannófar go huathoibríoch an rochtain atá acu ar oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais ar fhorais stuamachta. Freagróidh an teorannú do leibhéal na rochtana ar oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais a bheidh i réim nuair a thabharfar fógra faoin neamhchomhlíontacht sin don Eurochóras. Tá an teorannú sin gan dochar d’aon bheart lánroghnach eile a d’fhéadfadh an tEurochóras a dhéanamh. Déanfar contrapháirtithe a fhionraí go huathoibríoch ó rochtain a fháil ar oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais ar fhorais stuamachta, mura gcinnfidh Comhairle Rialaithe an BCE a mhalairt arna iarraidh sin don BCN ábhartha, i gcás ina mbeidh feidhm ag ceachtar de na nithe seo a leanas:

(a)

nach ndearnadh comhlíonadh na gceanglas cistí dílse a athbhunú trí bhearta leordhóthanacha tráthúla laistigh de 20 seachtain ar a dhéanaí ó dháta tagartha an chleachtaidh bailiúcháin sonraí inar aimsíodh an neamhchomhlíontacht;

(b)

gur aimsíodh neamhchomhlíontacht lasmuigh de raon feidhme an chleachtaidh bailiúcháin sonraí agus nach ndearnadh comhlíonadh na gceanglas cistí dílse a athbhunú laistigh d’ocht seachtaine ón lá ar dheimhnigh an t-údarás maoirseachta ábhartha nach gcomhlíonann an contrapháirtí na híoscheanglais cistí dílse a thuilleadh agus tráth nach déanaí ná 20 seachtain tar éis dheireadh na ráithe ábhartha.’

;

(b)

Cuirtear isteach an mhír 3b seo a leanas:

‘3b.   Féadfaidh an tEurochóras rochtain ar oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais ag contrapháirtithe atá ag sárú an cheanglais caipitil tosaigh a leagtar síos in Airteagal 93 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus sa reachtaíocht náisiúnta ábhartha a chur ar fionraí, a theorannú nó a eisiamh, ar fhorais stuamachta.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8.   I gcás teagmhas mainneachtana, féadfaidh an tEurochóras, i gcomhréir le hAirteagal 166, rochtain ar oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur ar fionraí, a theorannú nó a eisiamh maidir le contrapháirtithe atá ar mainneachtain de bhun Airteagal 165 mar a chuirtear chun feidhme iad in aon socruithe conarthacha nó rialála arna gcur i bhfeidhm ag an BCN ábhartha.’

;

(d)

Cuirtear isteach an mhír 8a seo a leanas:

‘8a.   Féadfaidh an tEurochóras rochtain an chontrapháirtí ar oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur ar fionraí láithreach, seachas í a theorannú, i gcás ina bhfuil feidhm ag gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le teorannú mar a leagtar amach i míreanna 2, 3 agus 4;

(b)

gurb ionann neamhchosaint gan réiteach an chontrapháirtí ar oibríochtaí bheartas airgeadaíochta an Eurochórais tráth na neamhchomhlíontachta agus nialas;

(c)

go raibh neamhchosaint nialasach ar chreidmheas agus ar uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh ag an gcontrapháirtí le 90 lá gnó roimh an gcinneadh an beart a fhorchur.’

;

(38)

in Airteagal 159(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

sócmhainní arna n-eisiúint, arna gcomheisiúint, arna seirbhísiú nó arna ráthú ag contrapháirtithe, nó ag eintitis a bhfuil dlúthbhaint acu le contrapháirtithe atá faoi réir reo cistí agus/nó bearta eile, lena n-áirítear bearta sriantacha arna bhforchur ag an Aontas faoi Airteagal 75 nó faoi Airteagal 215 nó faoi fhorálacha ábhartha comhchosúla den Chonradh nó ag Ballstát a chuireann srian le húsáid cistí; agus/nó’;

(39)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 165:

‘Airteagal 165

Teagmhais mhainneachtana

1.   Cuirfidh gach BCN socruithe conarthacha nó rialála i bhfeidhm lena bhforálfar do theagmhais mainneachtana a mheastar a bheith uathoibríoch (“teagmhais uathoibríocha mhainneachtana”) nó lánroghnach (“teagmhas lánroghnacha mainneachtana”), mar a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Measfar gur teagmhais uathoibríocha mhainneachtana iad seo a leanas, dá dtagraítear i mír 1:

(a)

déanann údarás breithiúnach inniúil nó údarás eile cinneadh nós imeachta a chur chun feidhme, i ndáil leis an gcontrapháirtí, chun an contrapháirtí a fhoirceannadh nó chun leachtaitheoir nó oifigeach den chineál céanna a cheapadh os cionn an chontrapháirtí, nó chun aon nós imeachta comhchosúil eile a chur chun feidhme. Chun críocha an phointe seo (a), i gcás bearta coiscthe géarchéime nó bearta bainistithe géarchéime a dhéanamh de réir bhrí Threoir 2014/59/AE i gcoinne contrapháirtí, ní áireofar gur teagmhas uathoibríoch mainneachtana é sin;

(b)

tagann an contrapháirtí faoi réir reo cistí agus/nó bearta eile, lena n-áirítear bearta sriantacha arna bhforchur ag an Aontas faoi Airteagal 75 nó faoi Airteagal 215 nó faoi fhorálacha ábhartha comhchosúla den Chonradh lena gcuirtear srian ar chumas an chontrapháirtí a chistí a úsáid;

(c)

níl an contrapháirtí faoi réir chóras cúlchiste íosta an Eurochórais a thuilleadh mar a cheanglaítear le hAirteagal 55, pointe (a);

(d)

níl an contrapháirtí faoi réir maoirseacht chomhchuibhithe an Aontais/LEE ná faoi réir maoirseacht inchomparáide faoi Airteagal 55, pointe (b);

(e)

tagann an contrapháirtí chun bheith ina eintiteas síothlaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (99a).

3.   Measfar gur teagmhais lánroghnacha mhainneachtana iad seo a leanas, dá dtagraítear i mír 1:

(a)

déanann údarás breithiúnach inniúil nó údarás inniúil eile cinneadh go gcuirfear chun feidhme beart idirghabhála, i ndáil leis an gcontrapháirtí, seachas faoi mhír 2, pointe (a), lena gcuirtear srian lena ghníomhaíochtaí gnó, lena n-áirítear moratóir, nó go gcuirfear chun feidhme beart atheagrúcháin nó nós imeachta comhchosúil eile atá beartaithe chun staid airgeadais an chontrapháirtí a choimirciú nó a athbhunú agus chun cinneadh den chineál dá dtagraítear i mír 2, pointe (a) a sheachaint;

(b)

ní chomhlíonann an contrapháirtí a thuilleadh aon cheann de cheanglais oibriúcháin an BCN baile dá dtagraítear in Airteagal 55, pointe (d);

(c)

déanann an contrapháirtí dearbhú i scríbhinn á rá nach bhfuil sé in ann a fhiacha go léir nó aon chuid díobh a íoc nó freastal dá oibleagáidí a eascraíonn i ndáil le hidirbhearta beartais airgeadaíochta nó aon idirbhearta eile lena BCN baile nó le haon BCN eile, nó scoireann an contrapháirtí de shaothrú a chuspóirí faoina airteagail chomhlachais nó faoina dhoiciméid bhunaitheacha chomhchosúla nó déanann an contrapháirtí dearbhú go bhfuil sé ar intinn aige scor de shaothrú a chuspóirí faoina airteagail chomhlachais nó faoina dhoiciméid bhunaitheacha, nó déanann an contrapháirtí comhaontú nó comhshocraíocht ghinearálta shaorálach lena chreidiúnaithe, nó má tá nó má mheastar go bhfuil an contrapháirtí dócmhainneach, nó go meastar nach bhfuil sé in ann a fhiacha a íoc;

(d)

déantar céimeanna nós imeachta roimh chinneadh a dhéanamh faoi mhír 2, pointe (a) nó pointe (a) nó pointe (f), den mhír seo, lena n-áirítear togra chun an t-údarú chun gníomhaíochtaí a dhéanamh a tharraingt siar: (a) faoi Threoir 2013/36/AE agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; nó (b) faoi Threoir 2014/65/AE, arna chur chun feidhme sa Bhallstát ábhartha a bhfuil an euro mar airgeadra aige;

(e)

ceaptar riarthóir sealadach nó oifigeach comhchosúil a bhfuil na cumhachtaí aige srian a chur ar chumas an chontrapháirtí a oibleagáidí i leith an Eurochórais a chomhlíonadh;

(f)

ceaptar glacadóir, iontaobhaí nó oifigeach comhchosúil ar mhaoin uile an chontrapháirtí nó ar aon chuid ábhartha di, a mhéid is infheidhme;

(g)

déanann an contrapháirtí léiriú nó ráiteas réamhchonarthach eile atá mícheart nó neamhfhírinneach nó tugann sé an céanna le tuiscint faoi fhorálacha dlí is infheidhme i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(i)

idirbhearta beartais airgeadaíochta nó aon idirbhearta eile lena BCN baile nó le haon BCN eile, nó

(ii)

comhlíontacht le dlíthe nó rialacháin ar bith a bhféadfadh sé a bheith faoina réir, lena gcuirfí i mbaol comhlíonadh a chuid oibleagáidí ag an gcontrapháirtí faoin socrú a rinne sé chun oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur i gcrích;

(h)

déantar údarú an chontrapháirtí chun gníomhaíochtaí a sheoladh faoi Threoir 2014/65/AE, arna chur chun feidhme sa Bhallstát ábhartha a bhfuil an euro mar airgeadra aige, a chur ar fionraí nó a chúlghairm;

(i)

cuirtear an contrapháirtí ar fionraí ó aon chóras íocaíochta trína ndéantar íocaíochtaí faoi idirbhearta beartais airgeadaíochta nó (seachas i gcás idirbhearta babhtála airgeadraí eachtracha) cuirtear an contrapháirtí ar fionraí nó foirceanntar a rannpháirtíocht i ndáil le haon SSS a úsáidtear chun beartas airgeadaíochta an Eurochórais a shocrú;

(j)

déanfar bearta amhail iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 41(1), in Airteagal 43(1) agus in Airteagal 44 de Threoir 2013/36/AE a ghlacadh i gcoinne an chontrapháirtí;

(k)

i ndáil le hidirbhearta aisiompaithe, mainníonn an contrapháirtí forálacha a bhaineann le bearta rialaithe riosca a chomhlíonadh;

(l)

i ndáil le hidirbhearta athcheannaigh, mainníonn an contrapháirtí an praghas ceannaigh nó an praghas athcheannaigh a íoc nó mainníonn sé sócmhainní ceannaithe nó athcheannaithe a sheachadadh; nó maidir le hiasachtaí comhthaobhaithe, mainníonn an contrapháirtí sócmhainní a sheachadadh nó an creidmheas a aisíoc ar na dátaí is infheidhme maidir leis na híocaíochtaí agus leis na seachadtaí sin;

(m)

i ndáil le babhtálacha airgeadraí eachtracha chun críocha beartais airgeadaíochta agus taiscí téarma shocraithe, mainníonn an contrapháirtí an méid in euro a íoc; nó i ndáil le babhtálacha airgeadraí eachtracha chun críocha beartais airgeadaíochta, mainníonn an contrapháirtí méideanna in airgeadraí eachtracha a íoc ar na dátaí is infheidhme maidir leis na híocaíochtaí sin;

(n)

tarlaíonn mainneachtain, nach bhfuil éagsúil go hábhartha leis na cinn a shainítear san Airteagal seo, i ndáil leis an gcontrapháirtí faoi chomhaontú arna thabhairt i gcrích chun críocha bhainistiú chúlchistí airgeadraí eachtracha nó chistí dílse BCE nó aon BCNanna;

(o)

mainníonn an contrapháirtí faisnéis ábhartha a sholáthar, agus iarmhairtí tromchúiseacha á gcruthú dá chionn sin don BCN baile;

(p)

mainníonn an contrapháirtí aon cheann eile dá oibleagáidí a chomhlíonadh faoi shocruithe maidir le hidirbhearta aisiompaithe agus maidir le hidirbhearta babhtála airgeadraí eachtracha agus, más féidir í a leigheas, ní leigheasann sé an mhainneachtain sin laistigh de 30 lá ar a mhéad i gcás idirbhearta comhthaobhaithe agus 10 lá ar a mhéad i gcás idirbhearta babhtála airgeadraí eachtracha tar éis don BCN fógra a thabhairt, á cheangal air déanamh amhlaidh;

(q)

tarlaíonn teagmhas mainneachtana i ndáil leis an gcontrapháirtí, lena n-áirítear a bhrainsí, faoi aon chomhaontú nó idirbheart leis an Eurochóras a rinneadh chun oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur i gcrích;

(r)

tagann an contrapháirtí faoi réir reo cistí agus/nó bearta eile arna bhforchur ag Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige lena gcuirtear srian ar chumas an chontrapháirtí a chistí a úsáid;

(s)

cuirtear sócmhainní uile an chontrapháirtí nó cuid mhaith díobh faoi réir ordú reo, astú, urghabhála nó aon nós imeachta eile atá beartaithe chun leas an phobail nó cearta chreidiúnaithe an chontrapháirtí a chosaint;

(t)

sanntar sócmhainní uile an chontrapháirtí nó cuid mhór díobh d’eintiteas eile nó déantar oibríochtaí nó gnó uile an chontrapháirtí nó cuid mhór de a dhíol, a dhíscaoileadh, a leachtú nó a scor nó déantar aon chinneadh chuige sin; agus

(u)

aon teagmhas eile atá le tarlú go luath nó atá ag tarlú cheana ar bagairt é ar chomhlíonadh a chuid oibleagáidí ag an gcontrapháirtí faoi na socruithe a rinne sé chun oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur i gcrích nó faoi aon rialacha conarthacha agus/nó reachtúla eile a bhfuil feidhm acu maidir leis an gcaidreamh idir an contrapháirtí agus BCE nó aon cheann de na BCNanna; nó mainníonn an contrapháirtí aon oibleagáid, aon chomhaontú nó aon idirbheart eile a dhéanamh lena BCN baile nó mainníonn sé iad a chomhlíonadh go cuí faoi na socruithe a rinneadh chun oibríochtaí beartais airgeadaíochta a chur i gcrích nó faoi aon rialacha conarthacha agus/nó reachtúla eile a bhfuil feidhm acu maidir leis an gcaidreamh idir an contrapháirtí agus BCE nó aon cheann de na BCNanna.

4.   I gcás na dteagmhas lánroghnach mainneachtana dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an BCN ábhartha an teagmhas mainneachtana a dhearbhú i gcomhréir le nósanna imeachta an Eurochórais arna nglacadh ag an gComhairle Rialaithe agus ní chomhlánófar é ach amháin nuair a sheirbheálfar fógra mainneachtana. Féadfaidh an fógra mainneachtana sin “tréimhse chairde” suas le trí lá gnó ar a mhéad a sholáthar chun an teagmhas atá i gceist a cheartú.’

;

40.

Leasaítear Airteagal 166 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Cuirfidh gach BCN socruithe conarthacha nó rialála i bhfeidhm lena n-áiritheofar go bhfuil an BCN, ar fhorais stuamachta, i dteideal aon cheann de na leigheasanna seo a leanas a fheidhmiú:’;

(b)

Cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:

‘1a.   Cuirfidh gach BCN socruithe conarthacha nó rialála i bhfeidhm lena n-áiritheofar an méid seo a leanas:

(a)

tar éis do theagmhas uathoibríoch mainneachtana tarlú faoi Airteagal 165(2), beidh BCN i dteideal aon cheann de na leigheasanna a liostaítear i mír 1 a fheidhmiú, seachas an leigheas chun an contrapháirtí a theorannú mar a leagtar amach i mír 1, pointí (a) agus (b); agus

(b)

tar éis do theagmhas lánroghnach mainneachtana tarlú faoi Airteagal 165(3), beidh BCN i dteideal aon cheann de na leigheasanna a liostaítear i mír 1 a fheidhmiú.’

;

(c)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na na chéad abairte:

‘Féadfaidh gach BCN socruithe conarthacha nó rialála a chur i bhfeidhm lena dtabharfar teideal don BCN baile, má tharlaíonn teagmhas mainneachtana, aon cheann de na leigheasanna seo a leanas a fheidhmiú, i dteannta na leigheasanna dá dtagraítear i mír 1a:’;

41.

in Airteagal 187a(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

gníomhachtaítear an réiteach teagmhasachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (20), de Threoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8), i dteannta phointe (20) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoirlíne sin, mar thoradh ar an mbriseadh; agus’;

42.

in Airteagal 187b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Ní dhéanfar socrú oibríochtaí margaidh oscailte in euro mar a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 den Treoirlíne seo a phróiseáil tríd an réiteach teagmhasachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (20), de Threoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8), i dteannta phointe (20) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoirlíne sin. Dá thoradh sin, d’fhéadfaí moill a chur ar shocrú na n-oibríochtaí sin go dtí go gcuirfear tús arís le gnáthoibríochtaí TARGET.’;

43.

Leasaítear Iarscríbhinní I, VI, VIa agus IXc i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoirlíne seo.

Airteagal 2

Gabháil éifeachta agus cur chun feidhme

1.   Gabhfaidh éifeacht leis an Treoirlíne seo an lá a dtabharfar fógra faoi do na BCNanna.

2.   Glacfaidh BCNanna na bearta is gá chun an Treoirlíne seo a chomhlíonadh agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad ón 6 Bealtaine 2024. Tabharfaidh siad fógra faoi na téacsanna agus na meáin a bhaineann leis na bearta sin don BCE faoin 22 Márta 2024 ar a dhéanaí.

Airteagal 3

Seolaithe

Dírítear an Treoirlíne seo chuig bainc cheannais uile an Eurochórais.

Arna déanamh in Frankfurt am Main, 8 Feabhra 2024.

Do Chomhairle Rialaithe an BCE

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE


(1)  Treoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Nollaig 2014 maidir le creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur chun feidhme (Treoirlíne maidir le Doiciméadacht Ghinearálta) (BCE/2014/60) (IO L 91, 2.4.2015, lch. 3).

(2)  Treoirlíne BCE/2012/27 ón mBanc Ceannais Eorpach an 5 Nollaig 2012 maidir le Córas Mearaistrithe Tras-Eorpach Uathoibrithe le haghaidh Ollsocraíocht Fíor-ama (TARGET2) (IO L 30, 30.1.2013, lch. 1).

(3)  Treoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Feabhra 2022 maidir le hUathchóras Nua Giniúna Mearaistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET) agus lena n-aisghairtear Treoirlíne BCE/2012/27 (BCE/2022/8) (IO L 163, 17.6.2022, lch. 84).

(4)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2021/378 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Eanáir 2021 maidir le ceanglais cúlchistí íosta a chur i bhfeidhm (BCE/2021/1) (IO L 73, 3.3.2021, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2023/1679 ón mBanc Ceannais Eorpach an 25 Lúnasa 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/378 maidir le ceanglais cúlchistí íosta a chur i bhfeidhm (BCE/2021/1) (BCE/2023/21) (IO L 216, 1.9.2023, lch. 96).

(*4)  (*) Cuirtear san áireamh in Am Lár na hEorpa (CET) an t-athrú ar Am Samhraidh Lár na hEorpa.

Seasann T do “lá trádála”.’;

(*5)  Is féidir sceidealú speisialta a dhéanamh mar gheall ar laethanta saoire.

(*6)  Mar gheall ar an tréimhse saoire, is gnách go dtugtar oibríocht mhí na Nollag seachtain amháin chun cinn, i.e. go dtí an Mháirt roimhe sin den mhí.’;


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní I, VI, VIa agus IXc a ghabhann le Treoirlíne BCE/2014/60 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

‘10.

Is iad na cóimheasa cúlchiste na cóimheasa arna sonrú ag BCE i Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1) faoi réir na huasteorann a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2531/98.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 13:

‘13.

I gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1), íoctar sealúchais cúlchistí íosta institiúidí de réir ráta 0 %.

Maidir le hiarmhéid deireadh lae TARGET le linn tréimhse fhada bhriste a bhaineann do TARGET in imeacht roinnt laethanta gnó dá dtagraítear in Airteagal 187a, déanfar é a mheas i luach saothair na gcúlchistí íosta go haisghníomhach tar éis briseadh TARGET a réiteach.

Maidir le hiarmhéid deireadh lae TARGET, a chuirtear i bhfeidhm in imeacht líon laethanta na tréimhse fada briste a bhaineann do TARGET in imeacht roinnt laethanta gnó, deimnhneofar é i gcomhréir leis an bhfaisnéis is fearr dá bhfuil ar fáil do BCE. Íoctar luach saothair nialasach as aon iarmhéideanna a shealbhaítear sa réiteach teagmhasachta a úsáidtear linn tréimhse fhada bhriste a bhaineann do TARGET in imeacht roinnt laethanta gnó, ar feadh tréimhse ionlae nó ar feadh tréimhse níos faide.

I gcás ina mainníonn institiúid oibleagáidí eile faoi rialacháin agus cinntí BCE a bhaineann le córas cúlchiste íosta an Eurochórais (e.g. mura ndéantar sonraí ábhartha a tharchur in am nó mura bhfuil siad cruinn) a chomhlíonadh, tugtar de chumhacht do BCE smachtbhannaí a fhorchur i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2531/98, le Rialachán (CE) Uimh. 2532/98, le Rialachán (CE) Uimh. 2157/1999 (BCE/1999/4) agus le Cinneadh (AE) 2021/1815 (BCE/2021/45).’;

(2)

in Iarscríbhinn VI, roinn I, mír 5, cuirtear tagairtí do ‘TARGET’ in ionad na dtagairtí do ‘TARGET2’;

(3)

in Iarscríbhinn VIa, i mír 5 de roinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a)

ní mór do SSS agus a naisc seirbhísí socraíochta a sholáthar gach lá gnó de chuid TARGET;

(b)

ní mór do SSS oibriú le linn próiseáil i rith an lae dá dtagraítear i bhFoscríbhinn V a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8);’

(4)

in Iarscríbhinn IXc, roinn II, mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

An taifead stairiúil ar theagmhais mhainneachtana an CRA lena gcumhdaítear trí bliana ar a laghad agus cúig bliana más féidir, mar aon leis an sainmhíniú ar mhainneachtain a úsáideann an CRA, chun go ndéanfaidh an tEurochóras faireachán feidhmíochta ex post ar an CRA i gcomhréir leis an gcreat faireacháin feidhmíochta. Beidh sé sin mar bhonn freisin chun na rátálacha a mhapáil ar scála rátála comhchuibhithe an Eurochórais. Ní mór an méid seo a leanas a bheith san aighneacht:

(i)

sonraí dí-chomhiomlánaithe foriomlána maidir le gach rátáil, lena n-áirítear na rátálacha sin nach bhfuil incháilithe do ECAF, mar shampla de bharr srianta geografacha nó srianta eile;

(ii)

táblaí trasdula rátála comhfhreagracha agus staitisticí mainneachtana.

Ní mór na sonraí dí-chomhiomlánaithe rátálacha a thíolacadh sna teimpléid is infheidhme arna gcur ar fáil ag BCE, ina bhfuil treoracha maidir le cur i láthair na sonraí. Ní mór gach rátáil sócmhainne, eisitheora agus ráthóra atá incháilithe chun críocha ECAF a chumhdach sna sonraí i gcomhréir leis an Treoirlíne seo chomh maith le faisnéis statach i dtaobh sócmhainní, eisitheoirí agus ráthóirí gaolmhara dá bhforáiltear sna teimpléid.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2024/1163/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)